Bunaíodh Club (Cumann) Siúlóide Chonamara Theas in 2002 sa cheantar Gaeltachta seo. Tá roinnt de na bunaitheoirí fós gníomhach sa Chumann, agus thar na blianta tá daoine nua tar éis clárú linn chuile bhliain. Tá breis is 20, idir mhná agus fhir de raon leathan aoiseanna, gníomhach sa Chumann, le ballraíocht ó Charna aniar go Gaillimh. Siúlóidí cnoic agus sléibhte, chomh maith le siúlóidí ísle, cois cladaigh nó i gceantracha tuaithe eile nó ar na hoileáin a dhéanann muid, in iarthar Chontae na Gaillimhe/deisceart Mhaigh Eo/Boireann an Chláir is mó, uair sa choicís ar an Domhnach go hiondúil. Eagraíonn muid deireadh seachtaine bliantúil as baile san Earrach go hiondúil. An Ghaeilge teanga an Chumainn.